VistaMilk agus Blockchain: Cuid a hAon

Déanaim féin taighde leis na hIonaid VistaMilk agus Insight in Ollscoil na Gaillimhe – is ionaid taighde iad a bhunaigh Fondúireacht Eolaíochta Éireann [SFI] le blianta anuas. Agus bímíd ag déanamh staidéir ar intleacht shaorga [AI] agus teicneolaíochtaí eile – mar shampla, an blockchain – agus na méid atá na teichneolaíochtaí sin in ann fadhbanna éagsúla a réiteach dúinn. Is é blockchain ceann de na teicneolaíochtaí is suimiúl atá againn ag an am seo (is dóigh liom agus le daoine eile), agus tá sé sna meáin go minic mar sin: an tseachtain seo, bhí scéal ann faoin ​​úsáid blockchain ag Volvo chun ábhair ceallraí [battery materials] EV a rianú. Ach is féidir blockchain a úsáid chun gach rud a rianú ó fheithiclí talmhaíochta go dtáirgí déiríochta agus a gcomhábhair.

So, céard é?

Bhfuel, ar dtús, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé tabhachtach a chur in iúl go bhfuil an blockchain dírithe go háirithe ar idirbhearta [transactions]: mar shampla, tá rud éigin ag teastáil uaim atá agat, nó taistíonn rud eile uait atá agam. Is teicneolaíocht stórála faisnéise é an blockchain do na sonraí faoi na hidirbhearta sin. Tá idirbhearta ag tarlú i ngach áit, gach lá. Tá gá d’eagraíocht taifead a choinneáil de shonraí an idirbhirt idir roinnt páirtithe.

Is maith liom an ráiteas a ndearna Ginny Rometti ó IBM (bhí sí mar phríomhfheidhmeannach [CEO] le IBM, agus tar éis sin cathaoirleach na heagraíochta) nuair a deir sí: “Déanfaidh blockchain le haghaidh idirbhearta an méid a rinne an tIdirlíon mar fhaisnéis”.

Rinne an tIdirlíon, nó an Web níos cruinne, faisnéis i bhfad níos oscailte agus níos éasca le fáil – agus níos trédhearcaí [transparent] freisin. Ar an mbealach chéanna, cabhraíonn blockchain chun na hidirbhearta a bheith níos oscailte, níos trédhearcaí, agus chomh maith le sin, dochorraithe [immutable] nó doathraithe freisin. Réitíonn sé sin fadhbanna áirithe le hidirbhearta. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm ag an blockchain na hidirbhearta a dhéanamh níos cosanta, níos cuntasach agus níos sábháilte freisin.

Cad iad na fadhbanna seo?

Mar tá sé dirithe ar idirbhearta, tá orainn smaoineamh ar na fadhbanna a bhaineann le idirbheart ag an am seo. Ar dtús, smaoineamh ar idirbheart tipiciúil sa talmhaíocht, le go leor eagraíochtaí i gceist, agus le duine atá mar idirghabhálach [intermediary] nó daoine idirghabhálaí ina measc. Mar shampla, tá tarracóir á cheannach agam ón Fhrainc toisc go bhfuil siad níos saoire anois, agus tá níos mó bealaí farraige go dtí an Fhrainc tar éis Brexit.

Ar dtús, tá ledger nó a mhórleabhar féin ag an díoltóir sa Fhrainc faoin tarracóir sin. Tá a mórleabhar féin freisin ag gníomhaireacht rialtas na Fhrainc le sonraí an tarracóir. Tá mórleabhar eile ag an iompróir a thugann an tarracóir isteach go hÉirinn, mar aon le gníomhaireachtaí custaim, clárúchán feithicle na hÉireann, agus mar sin de. Agus ansin faighim féin an tarracóir, le mo shonraí nua féin curtha faoi.

Ar feadh na slabhra, tá aistriú agus malartú faisnéise idir na heintitis éagsúla ar siúl. Le hidirbheart den sórt sin, is féidir go leor earráidí [errors] – earráidí daonna nó riomhaire, mar tá go leor ríomhairí agus páipéir sna meascán – a tharlaíonn ar feadh na slí nó an slabhra. Tharlaíonn siad trí thimpiste, trí aistriúcháin, nó d’aon ghnó, go calaoiseach [fraudulently].

Ach dá mbeadh mórleabhar comhroinnte agus dochorraithe againn, ceann a bhféadfadh gach duine a fheiceáil agus páirt a ghlacadh ann, d’fhéadfaimis na hearráidí agus na calaoisí sin a laghdú, agus díospóidí á réiteach. Agus sin é prionsabal den blockchain – mórleabhar roinnte idir na geallsealbhóirí [stakeholders] faoi na hidirbhearta sin.

Anois, déan smaoineamh ar tháirge déiríochta [dairy product] a bhfuil go leor comhpháirteanna comhdhéanta [constituent components or ingredients] aige. Tá táirgí meadhg [whey] ag foirmle bainne naíonán, ach chomh maith le sin tá ola, lachtós (a allmhairítear [imported] go minic, 7rl. B’fhéidir gur mhaith leat – ní hamháin an táirge iomlán – ach na comhábhair go léir a rianú óna bhfoinsí leis an blockchain, go háirithe nuair a mbíonn siad ag teacht ó sholáthraithe thar lear.

Sa dara cuid, labhróidh mé níos mó faoi chuid de na húsáidí, na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le blockchain. Tá ár dtaighdeoir VistaMilk Anupa De Silva, a bhfuil a PhD faoi mhaoirseacht Subhasis Thakur agus mé féin, ag déanamh taighde ar íocaíochtaí agus slabhraí soláthair [supply chains], ag baint úsáide as blockchain.

news article on blockchain in irish language